Grúpa PPE
Téarmaí agus coinníollacha
Téarmaí agus coinníollacha don Chomórtas Ealaíne – ‘Samhlaigh an Todhchaí’
Rialacha maidir le hincháilitheacht na rannpháirtithe:
- Ní mór do rannpháirtithe a bheith ina saoránaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach
- Uasteorainn aoise ná 16 bliana faoi 31/12/2021
- Ní mór ceann de na ceithre théama leathana faoi Thodhchaí na hEorpa a leanúint sna hiontrálacha
- Ní féidir le haighneachtaí glacadh a bheith acu le foréigean; ciníochas a ghríosú, nó aon iompraíocht idirdhealaitheach a chur chun cinn
- aon fhormhuiniú tríú páirtí a bheith iontu a bhaineann le fógraíocht
- Maoin intleachtúil an rannpháirtí amháin is ea na hiontrálacha
- Níor cheart go mbeadh comórtas ealaíne/stiallchartúin buaite ag na hiontrálacha
- Ba cheart iontrálacha a chur isteach faoin spriocdháta
- Glactar le hiontrálacha atá daite nó dubh agus bán
- Ní féidir glacadh ach le hiontrálacha a seoltar go digiteach
- Féadfaidh gach rannpháirtí dhá phíosa ealaíne ar a mhéad a chur isteach
Rialacha maidir le hiontrálacha:
- Níl aon táille le cur isteach ar an gcomórtas agus ní cheadaítear níos mó ná dhá iontráil in aghaidh an duine, iontráil amháin i ngach catagóir.
- Ní ghlacfar ach le comhaid JPEG, PNG, PDF.
Duaiseanna:
Bronnfaimid boinn agus teastais chlóite le haghaidh na mbuaiteoirí sa chéad áit, sa dara háit agus sa tríú háit.
- Buafaidh buaiteoir na chéad duaise turas do bheirt chun cuairt a thabhairt ar Ghrúpa PPE i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg (i ndiaidh na paindéime).
- Gheobhaidh buaiteoirí sa dara agus sa tríú háit dearbháin rannpháirtíochta PPE sa phost.
Fógrófar na buaiteoirí Dé hAoine an 14 Meitheamh 2021 @ 12.00 CET agus cuirfear ar an eolas iad trí ríomhphost.
Moltóireacht:
Déanfar na hiontrálacha incháilithe a mheas, ar leithligh de réir catagóire, bunaithe ar an léaráid agus an tionchar, an teicníc ealaíne, an dearadh agus an chruthaitheacht atá leo.
Tabhair do d’aire gur aistriúchán cúirtéiseach amháin é seo, agus gurb i mBéarla atá na téarmaí agus na coinníollacha oifigiúla (cliceáil anseo chun iad a léamh).
Téarmaí agus coinníollacha don Chomórtas Grianghrafadóireachta — ‘Spléachadh ar an Eoraip’
Rialacha maidir le hincháilitheacht na rannpháirtithe:
- Ní mór do rannpháirtithe a bheith ina saoránaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach
- Uasteorainn aoise ar bith
- Ní mór d’iontrálacha a bheith ag teacht le téama ealaíonta leathan ‘Spléachadh ar an Eoraip’
- Ní féidir le haighneachtaí glacadh a bheith acu le foréigean; ciníochas a ghríosú, nó aon iompraíocht idirdhealaitheach a chur chun cinn
- aon fhormhuiniú tríú páirtí a bheith iontu a bhaineann le fógraíocht
- Maoin intleachtúil an rannpháirtí amháin is ea na hiontrálacha
- Níor cheart go mbeadh comórtas grianghrafadóireachta eile buaite ag na hiontrálacha
- Ba cheart iontrálacha a chur isteach faoin spriocdháta
- Glactar le grianghraif atá daite nó dubh agus bán
- Féadfaidh gach rannpháirtí trí ghrianghraf ar a mhéad a chur isteach
Rialacha maidir le hiontrálacha:
- Níl aon táille le cur isteach ar an gcomórtas agus ní cheadaítear ach iontráil amháin in aghaidh an duine.
- Ní ghlacfar ach le comhaid JPEG.
Duaiseanna:
Bronnfaimid boinn agus teastais chlóite le haghaidh na mbuaiteoirí sa chéad áit, sa dara háit agus sa tríú háit.
- Buafaidh buaiteoir na chéad duaise turas do bheirt chun cuairt a thabhairt ar Ghrúpa PPE i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg (i ndiaidh na paindéime).
- Gheobhaidh buaiteoirí sa dara agus sa tríú háit dearbháin rannpháirtíochta PPE sa phost.
Fógrófar na buaiteoirí Dé hAoine an 14 Meitheamh 2021 @ 12.00 CET agus cuirfear ar an eolas iad trí ríomhphost.
Moltóireacht:
Déanfar na hiontrálacha incháilithe a mheas, bunaithe ar an dtionchar amhairc, ar an dteachtaireacht amhairc agus ar an gcruthaitheacht atá leo.
Tabhair do d’aire gur aistriúchán cúirtéiseach amháin é seo, agus gurb i mBéarla atá na téarmaí agus na coinníollacha oifigiúla (cliceáil anseo chun iad a léamh).
Téarmaí agus coinníollacha do Chomórtas Aiste na bPáipéar Seasaimh – ‘Is TUSA todhchaí na hEorpa’
Rialacha maidir le hincháilitheacht na rannpháirtithe:
- Ní mór do rannpháirtithe a bheith ina bhfochéime (a bhfuil trí bliana staidéir, nó sé sheimeastar, críochnaithe acu ar a laghad, in Ollscoil nó in institiúid choibhéiseach ardoideachais) nó mic léinn iarchéime a bhfuil suas le 27 bliana d’aois acu, agus a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
- Ní mór eolas maith (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis).
- Níor cheart tréimhse oiliúna ar íocaíocht a bheith faighte ag na hiarrthóirí in institiúidí an Aontais nó níor cheart go raibh siad fostaithe go lánaimseartha cheana féin tar éis dóibh a gcuid staidéir a chríochnú.
Rialacha maidir le hiontrálacha:
- Ní ghlacfar ach le hanailís agus moltaí bunaidh agus neamhfhoilsithe maidir leis an gceist
- Ní mór d’iontrálacha a bheith i mBéarla
- Ní mór réamhrá gairid agus anailís ar na tosca a spreag an staid seo a bheith san áireamh sna hiontrálacha, chomh maith leis na réitigh atá beartaithe agat a chur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach chun dífhostaíocht i measc na n-óg san Aontas Eorpach a laghdú.
- Ba cheart d’iontrálacha a bheith i gcló Times New Roman, 12 le spásáil líne 1.5. Is é 2,000 focal an uaslíon focal (thart ar 5 leathanach).
- Ní ghlacfar ach le comhaid PDF.
Duaiseanna:
Gheobhaidh an buaiteoir an deis uathúil seal oiliúna íoctha 5 mhí a chur i gcrích le Grúpa PPE i bParlaimint na hEorpa.
Ina theannta sin, tabharfar cuireadh do bhuaiteoirí na dtrí aighneacht is fearr páirt a ghlacadh i gCruinniú Eorpach um an Óige 2022 (EYE) in Strasbourg (i ndiaidh na paindéime).
Tabharfar cuireadh don chéad 5 buaiteoir páirt a ghlacadh i ‘bplé fíorúil caife’ ar na saincheisteanna a ardaíodh ina n-aighneachtaí le Feisirí Ghrúpa PPE de Pharlaimint na hEorpa.
Fógrófar na buaiteoirí Dé hAoine an 14 Meitheamh 2021 @ 12.00 CET agus cuirfear ar an eolas iad trí ríomhphost.
Moltóireacht:
Déanfaidh rogha d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ónár ngrúpa agus riarthóirí saineolaithe atá freagrach as an ábhar atá roghnaithe na hiontrálacha incháilithe a mheas.
Tabhair do d’aire gur aistriúchán cúirtéiseach amháin é seo, agus gurb i mBéarla atá na téarmaí agus na coinníollacha oifigiúla (cliceáil anseo chun iad a léamh).